GEARRSCÉAL AGUS SPLANCSCÉAL

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

Mar chuid de fhéile litríochta Imram, beidh ceardlann náisiúnta le Cló Iar-Chonnacht dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal nó sa splancfhicsean.

Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do ghearrscéalaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic@eircom.net  ROIMH an 24 Meán Fómhair 2015.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc

Tuilleadh eolais:

Micheál Ó Conghaile nó Bridget Bhreathanch, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe

Guthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362  Ríomhphost: moccic@eircom.net

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books