Imram an Mhárta

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

6.00pm Satharn 7 Márta in Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2. Saorchead isteach

NUASCRÍBHNEOIREACHT NA GAEILGE

eilis_irish_pen 140x210Cúis mhórtais agus áthais d’IMRAM, i gcomhar le hAontas na Scríbhneoirí, léamh speisialta a chur i láthair ina mblaisfimid de shaothar nua ó chuid de na scríbhneoirí is bisiúla sa tír. I measc na léitheoirí beidh Éilís Ní Dhuibhne  ar bronnadh Gradam PEN 2015 uirthi as a bhfuil bainte amach aici i réimse na litríochta sa dá theanga. Údar na n-úrscéalta cáiliúla Céard É English? agus Cnoc na Lobhar é Lorcán S. Ó Treasaigh. Údar na gcnuasach gearrscéalta Canary Wharf agus Sciorann an tAm í Orna Ní Choileáin, leabhair a bhfuil greann is suaitheadh neamhchoitianta iontu. Údar na mbailiúchán filíochta Idir Beocht is Beatha agus Faigh Greim ar an Ghrian é Proinsias Mac a’ Bhaird, an duine céanna a chuir amhránaithe ar an sean-nós á marú sa scéinséir Rún an Bhonnáin. Duine d’fhilí agus d’úrscéalaithe nótáilte na tíre seo é Liam Ó Muirthile. Tugadh ardmholadh don úrscéal is déanaí uaidh An Colm Bán atá suite i bPáras. Ceol le Colm Ó Snodaigh; Fear an tí: Cathal Póirtéir

Nuala Ní Dhomhnaill ag an Fhéile Bheag Filíochta
Nuala Ní Dhomhnaill ag an Fhéile Bheag Filíochta

8.00pm Domhnach 8 Márta, McGrattan’s, 76 Lána Mhic Liam, BÁC 2, Cead isteach €10

MÓROÍCHE CHEOIL IS FILÍOCHTA AR LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA mBAN

Tá ríméad ar IMRAM Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh le cuid de na filí is na fonnadóirí is fearr sa tír. I measc na bhfilí beidh Celia de Fréine, Biddy Jenkinson, Aifric Mac Aodha, Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín, Nuala Ní Dhomhnaill agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Ina dteannta beidh na hamhránaithe traidisiúnta Síle Denvir, Máire Ní Choilm agus Máiréad Ní Oistín. Fear an tí: Cathal Póirtéir

7.00 pm Lá Fhéile Pádraig, Scoil na mBuachaillí, Scabhat Smock, 6-7 Sráid an Mhalartáin Íocht., Baile Átha Cliath 8. Cead isteach €10

PORT AN tSAOIL: TIONSCADAL KATE BUSH

IMRAM i gcomhar le Gaelspraoi/Féile Naomh Pádraig

Ealaíontóir thar a bheith neamhghnách í Kate Bush atá in ann rac, ceol clasaiceach agus ceol tíre a fhí ina bhréid álainn. Tá a cuid liricí an-drámatach agus scata foinsí liteartha agus cineamatagrafacha laistiar díobh a iniúchann téamaí na hóige, an ghrá, an bháis, na cogaíochta agus na miotaseolaíochta.  Theastódh guth ildánach aingiliúil uait chun tréithe uile Kate Bush a chur abhaile ar lucht féachana agus tá an tallann uathúil sin ag Caitríona O’Leary.Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh na liricí i nGaeilge.

Comhoirfidigh Chaitríona anocht: Roger Doyle(méarchlár), Adrian Hart (fidil), Éamonn Galldubh (fliúit, feadóga, píb uilleann), Mark Keogh (seicheamhóir). Cuirfidh Margaret Lonergan na liricí móide íomhánna gleoite ar scáileán. Fear an tí: Cathal Póirtéir

Aidhm IMRAM saibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha a roinnt le cách agus an pobal a thabhairt linn ar aistear mistéireach. Prós. Filíocht. Ceol. An focal labhartha. An focal scríofa. Idir shúgradh is dáiríre. Suímh éagsúla ar fud na hardchathrach. Bímis ag léamh, bímis ag iomramh! Beidh leabhair ar díol ag formhór na n-ócáidí. Ceannaigh leabhar nó dhó!

TUILLEADH EOLAIS: Liam Carson r-phost info@imram.ie Fón 087-2912797

 

 

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books