ÍDE NA TINE: Tionscadal Joni Mitchell
Duine de na cumadóirí amhrán is mó a bhí riamh ann í Joni Mitchell dar le Rolling Stone. Sna liricí sárfhileata aici, pléitear téamaí an ghrá – an tnúth, an cumha, an ríméad, an domlas – chomh maith le ceisteanna móra sóisialta agus timpeallachta. Cuimsíonn a stíleanna ceoil an ceol tíre fuaimiúil, ceol rithim agus gormacha, popcheol agus turgnaimh chasta snagcheoil

ANSEO BEIDH LEAGANACHA GAEILGE DE ‘Big Yellow Taxi’, ‘Woodstock’, ‘Both Sides Now’, ‘The Jungle Line’ agus ‘God Must Be a Boogie Man’ aistrithe ag Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock, á gcanadh at Caitríona O’Leary le Dick Farrelly, Nick Roth, Dave Redmond agus Graham Hopkins. Íomhánna agus focail meascaithe agus teilgthe ag Margaret Lonergan
DÉ hAOINE 16 DEIREADH FÓMHAIR 8.00pm, Smock Alley, Baile ÁTHA CLIATH 8
Cead isteach €15/€10

