Tá trí leabhair eile sa sraith álainn Ghaeilge do pháistí óga scríofa agus maisithe go gleoite ag Ciara Ní Dhuinn.Is Maith Liom; Conas tá tú? agus Cá bhFuil Riley? Leaganacha i bhFraincis, Béarla agus Spáinnis le roinnt agus le foghlaim le do pháiste freisin. Tá siad lándaite agus 28 leathanach in gach ceann acu. Ar fail ag €7.
Is as Ceatharlach ó dhúchas do Chiara Ní Dhuinn. Cháiligh sí mar dhearthóir i bPort Láirge agus bhog sí go Meiriceá i 2004. Tá sí pósta le Kevin Pannachia agus cónaí orthu in Illinois lena n-iníon Eliana. Smaoinigh sí ar na leabhair seo chun cuidiú le Eliana eolas a chur ar an nGaeilge agus ar a dúchas Éireannach. Tá súil aici go mbainfidh tuismitheoirí eile sásamh agus tairbhe astu chun an rud céanna a dhéanamh dá bpaistí féin.