LÉACHT UÍ CHADHAIN

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

 

Beidh Léacht Uí Chadhain á thabhairt i UCD mbliana ag an cheoltóir Peadar Ó Riada ar an téama ‘Fuaimint Gaeil’ . Tá an ócáid bhliaintiúil á eagrú ag Roinn na Gaeilge, UCD agus ar na himeachtaí atá fgraithe mar chuid den fhéile litríochta Imram.

Peadar Ó Riada
Peadar Ó Riada

Guth nó glór ag Gaelaibh agus conas mar a tháinig agus a d’fhorbair ar an saol sa chrot ina bhfuil sé is ábhar do léacht na bliana seo. Tá tuairimí nochtaithe cheana féin air seo, ach má tá, is i dtéarmaí cultúir eachtraigh eile seachas de réir shlat tomhais an Ghaeil dhúchasaigh féin a bhíonn. Tá geall le leath chéad bliain tabhartha ag Peadar Ó Riada ag cuardach nathanna an scéil Ghaelaigh agus cuirfidh sé torthaí a chuardaigh i láthair dá lucht éisteachta.

Scríobh Peadar Amhránaíocht Dúchas na nGael  – saothar mór ar amhránaíocht ar an sean nós agus tá mórán ceoil i stíleanna éagsúla cumtha aige don ardán, don teilifís agus do scannáin, gan trácht ar an illiomad dlúthdhioscaí atá éisithe aige. Bhunaigh sé Acadamh Fodhla sa bhliain 2000.

DÉARDAOIN 15 DEIREADH FÓMHAIR 7.00pm, UCD Belfield Léachtlann M, Áras Newman

Saorchead isteach

 

 

 

 

 

 

 

 

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books