COGAÍ
Damhsa, ceol, prós, íomhánna ar scáileán – léiriú ar an gcogaíocht agus ar an bhforéigean síoraí, bunaithe ar chnuasach gearrscéalta den teideal céanna le Dáithí Ó Muirí. Páirteach ann tá Fearghus Ó Conchúir, rinceoir agus fear cóirithe rince, giotáraí agus cumadóir Enda Reilly, agus Margaret Lonergan a bheidh i mbun na n-íomhánna scáileáin. Léirithe ag Liam Carson, IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge do Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath.
DÉ MÁIRT 19 BEALTAINE 2015, 8.00 pm, Scoil na mBuachaillí, Scabhat Smock, 6-7 Sráid an Mhalartáin Íocht., Baile Átha Cliath 8.
Cead isteach: €10/8
Ticéid le fáil ag an nasc thíos: http://ilfdublin.com/event/cogai-wars/

