Seolfaidh na foilsitheoirí Coiscéim leabhar ar Mhícheál Ó Mealláin, ceann foirne Arm cathartha na hÉireann, a bhí i gceannas ar a gcuid fórsaí i bhFaiche Stiabhna in Éirí Amach na Cásca 1916. Tá an leabhar bunaithe ar shraith altanna a scríobh a mhac Séamus Ó Mealláin faoi shaol a athar mar chuid den chomóradh i 1966. Tá said bailithe le chéile agus curtha in eagar anseo ag Aindrias Ó Cathasaigh. Tabharfaidh athfhoilsiú an ábhair seo léargas úr ar Mhícheál Ó Mealláin féin, ar ghluaiseacht an lucht oibre is an neamhspleachais, agus ar shaol corrach na linne sin.
Seolfar an Leabhar i gClub Chonradh na Gaeilge Déardaoin 22 Samhain ag 8 pm.

