MINDSHIFT do Scríbhneoirí Gaeilge

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

MINDSHIFT: Buneolas ar Ghnó na Scríbhneoireachta don Scríbhneoir

Tá an seisiúin forbartha gairme seo do scríbhneoirí Gaeilge, nua agus seanbhunaithe, chomh maith leo sin atá ag foilsiú sa Ghaeilge.

Beidh sé dírithe ar dheiseanna maoinithe agus tacaíochta, scéimeanna scríbhneoirí cónaithe agus ar ghnó an aistriúcháin. Tabharfaid sé léargas fosta ar stáid na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair. Ná caill an deis eisceachtúil seo do dhaoine atá gafa le litríocht na Gaeilge do údair ghníomhacha agus gach duine atá rannpháirteach i dtionscadal na leabhar.

I measc na gcainteoirí beidh: Eibhlín de Paor (Údarás na Gaeltachta), Seán Tadhg Ó Gairbhí (Arts Council), Lochlainn Ó Tuairisg (Cló Iar-Chonnacht) agus Anna Heussaff (úrscéalaí, aistritheoir agus teagascóir). Cathal Póirtéir atá ag eagrú na hócáide.

Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge

DÉ SATHAIRN 17 DEIREADH FÓMHAIR 10.00am – 3.45pm

Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell Táille: €25 / €20

 

 

 

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books