Beidh an dara léacht sa tsraith ‘Ó Thrácht go Twitter’ ar siúl ag Lárionad de Bhaldraithe ag 17:00,17 Feabhra 2015. Is é Pádraig Ó Cíobháin a bheas ag caint linn agus is é teideal na cainte atá aige ná ‘An Sean á Ghabháil sa Nua: Nua-Éachtaint ar an Litríocht Luath-Mheánaoiseach’. Beidh sí ar siúl i seomra A109 in Áras Newman.
Scríbhneoir aitheanta is ea Pádraig Ó Cíobháin a bhfuil idir ghearrscéalta agus úrscéalta foilsithe aige. Is é Novella Eile(Coiscéim, 2014) an saothar is deireanaí leis, scéal atá suite gar do bhaile dúchais an údair i nDún Chaoin, Co. Ciarraí faoi dheireadh na n-ochtóidí. Ach tá Pádraig ar dhuine de na scríbhneoirí comhaimseartha is mó a bhíonn ag tarraingt ar thraidisiún liteartha na Gaeilge i bhfad siar freisin. Foilsíodh Dréachta Chrích Fódla leis in 2007, arb éard atá ann athinsint ar chuid de na seanscéalta is cáiliúla sa Ghaeilge. Tá sé ag obair ar an dara himleabhar de na Dréachta faoi láthair agus beidh sé in ann a shaineolas agus a thaithí scríbhneoireachta a roinnt linn ag an gcaint.
Tá fáilte roimh chách ann.

