• www.inkwellwriters.ie

Ócáidí Leabharlainne

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Tá tionscnamh nua curtha sa tsiúil le scríbhneoirí Gaeilge a chur ag léamh i leabharlanna na hÉireann agus a gcuid leabhar a bheith ar fáil níos forleithne iontu don phobal léitheoireachta. Tá deontas i gcabhair á thabhairt ag Foras na Gaeilge do na leabharlanna sin a ba mhaith leo scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál a chur ag léamh don phobal áitiúil mar chuid de Ócáidí Leabharlanna agus le cabahrú leo tuilleadh leabhair Ghaeilege a bheith ar taispeáint sna leabharlanna le léitheoirí d’achan aois a mhealladh..

Níl an t-eolas iomlán agam go fóill faoi na leabharlanna ar fad atá páirteach ar fud na tíre agus tharlódh sé go bhfuil imeachtaí eile eagraithe nach bhfuil mé ar an eolas fúthu ach seo cuid de na himeachtaí atá deimhnithe faoin tráth seo. Is féidir fiosrú i do leabharlann áitiúil faoin scéim agus má cuirteare ar an eolas mé faoi Ócáidí Leabharlanna eile, scaipfidh mé an t-eolas sin anseo.

File, Ceaití Ní Bheildiúin i Leabharlann Ros Eo ar an gCéadaoin 7ú lá Dheireadh Fómhair;

Brian Ó Dochartaí, úrscéalaí, i Leabharlann Bhaile Bhrigín ar an Déardaoin 8ú lá Dheireadh Fómhair ag 6.45i.n.;

Dermot Somers, scríbhneoir, craoltóir,i Leabharlann Domhnach Bat ar an gCéadaoin, 14ú lá Dheireadh Fómhair ag 6.30i.n.;Anna Heussaff

Anna Heussaff, úrscéalaí, i Leabharlann Bhaile Bhlainséir ar an Máirt 20ú lá Dheireadh Fómhair ag 6.30i.n.

Cathal Póirtéir, file agus béaloideasóir, i Leabharlann Charraig Drom Rúisc, Co Liatroma, Dé Céadaoin, 18ú Samhain ag 7.00 i.n.

Cathal Póirtéir, file agus béaloideasóir, i Leabharlann Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, Déardaoin 19ú Samhain ag 1.00 i.n.

 

 

  • allianceindependentauthors.org
  • www.designforwriters.com
  • amzn.to

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • Now and Then by Mary O'Sullivan
  • Save the Cat: The Only Book on Screenwriting You'll Ever Need
  • Keep Your Eyes on Me by Sam Blake