Os Cionn Talún

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

Os Cionn Talún, cnuasach nua filíochta le Aogán Ó Muircheartaigh

Is fada cáil ar Aogán Ó Muircheartaigh mar scríbhneoir. Ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1987, is air a bronnadh Duais an Ríordánaigh— mórghradam na filíochta Gaeilge.

Oíche Ghréine an teideal a bhí ar an gcéad chnuasach san. Foilsíodh dhá chnuasach eile de bhundánta leis an Muircheartach ó shin—Drúcht ar Chneas (1992) agus Athbheatha (2002). Seo anois an ceathrú cnuasach aige, cnuasach tábhachtach, tathagach.

Chaith Aogán na blianta fada ina chraoltóir le Raidió na Gaeltachta ó Bhaile na nGall i gCorca Dhuibhne. Cuireadh aithne go forleathan i gCiarraí agus ar fud na tíre air. Tháinig deireadh lena ré chraoltóireachta go hobann, áfach, i dtreo deireadh na bliana 2009. Tugadh le dithneas é go hOspidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath. Bhí an t-ádh air mar thángthas gan ró-mhoill ar ae nua a bhí oiriúnach dó. Tá breis agus cúig bliana saoil fachta go dtí seo aige mar thoradh ar an obráid féin agus ar fhéile an duine a d’fhág a hae le hoidhreacht ag duine nárbh aithnid di.

D’eascair príomhdhán an chnuasaigh nua seo, atá tagtha ar an margadh le fíordhéanaí, as imeachtaí agus taithí an ama san. Sin é an dán Os Cionn Talún, sraithdhán de naoi gcinn déag de mhíreanna.  Mura mbeadh aon ní eile sa leabhar, b’fhiú é a fháil mar mhaithe leis an sraithdhán sin.

I dteannta an mhór-dháin sin, tá dánta eile de chuid Aogáin sa chnuasach agus athleaganacha a dhein sé ar dhánta i dteangacha eile. Coiscéim a d’fhoilsigh.

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books