Tá 5 áit fágtha sa Cheardlann Scríbhneoireachta Gaeilge in Óstán Meadowlands, Trá Lí, Luan Cásca, 6 Aibreán 2015 10.30-5.00 p.m. Bígí istigh má bhíonn sibh sa timpeallacht um Cháisc – scaipigí an scéal! Léamh a saothar dá chéile agus aisfhreagra ó chomh-scríbhneoirí príomhchúram na hócáide. Fáilte roimh scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí seanbhunaithe araon.
Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe beidh a líon teoranta do dheichniúr. Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro. (Lón ag 12.45 p.m. san áireamh sa táille).
N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 26 Márta, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus iad a bheith léite roimh ré ag gach duine.

Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & foilsitheoir, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
Teagmháil: Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí. R-phost: feasta@eircom.net
Caint agus Caidreamh
Ag 8.30 ar an oíche chéanna, 6 Aibreán 2015, beidh léacht ó Bhreandán Mac Gearailt, údar agus iar-pholaiteoir, ar Ghaelainn Chorca Dhuibhne, agus ar an leabhar is deanaí uaidh ach go háirithe, ‘Seanfhocla gan Sárú’ (Coiscéim) .
Eagraítear an Cheardlann le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge,

