• www.inkitt.com

Splancscéalta

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh
Share on facebook
Share on twitter
Share on linkedin
Share on pinterest
Share on whatsapp
Share on email

Litríochtaí – Cnuasach nua gearrscéalta ó Dhaithí Ó Muirú – nó arbh fhiú splancscéalta a thabhairt orthu? A bhformhór dó na trí de leathanaigh ar a bhfad. Agus, ar ndóigh, céard is splancscéal ann ach ainm nua ar sheanfhoirm an ghearrscéil. Tá na scéalta seo lomlán de chomharthaí sóirt: an té atá imithe amú sa nua-aois agus é sa tóir ar . . . ní fios.

Is as Co. Mhuineacháin ó dhúchas do Dhaithí Ó Muirí, ach tá cónaí air in Indreabhán, i gConamara, le blianta fada anuas. Is scríbhneoir lánaimseartha é, agus tá an-suim aige i saothar gearrscéalaithe Spáinneacha agus Francacha.

FC_Litríochtaí1Tá dhá chnuasach gearrscéalta foilsithe aige go dtí seo – Seacht Lá na Díleann (Leabhar Breac 1998) agus Cogaí (Cló Iar-Chonnachta 2002).  Bronnadh duais aitheantais Ghradam Chló Iar-Chonnacht 2001 ar Dhaithí as an saothar Cogaí. Tá úrscéal foilsithe leis, Ré (Cló Iar-Chonnacht, 2012).

Tá aithne ar Dhaithí i gceantar Chois Fharraige mar aisteoir chomh maith agus tá sé ina bhall den ghrúpa drámaíochta Aisteoirí an Spidéil.

Litríochtaí Cnuasach gearrscéalta le Daithí Ó Muirí, Cló Iar-Chonnacht, 88 lch, Bog, €8.00 ISBN: 9781784441364

 

 

 

  • allianceindependentauthors.org
  • amzn.to

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books

  • amzn.to
  • amzn.to
  • amzn.to
  • amzn.to