Tá go dtí deireadh na míosa agat do ghearrscéal a chur isteach ar chomórtas Imram/Books Ireland ar thrácht muid air i writing.ie tamall ó shin. Más ball de ghrúpa scríbhneoireachta ar nós Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, tá Books Ireland sásta €10 a bhaint den táille iomlan €18 duit.
Más maith leat d’iarratas a chur isteach go leictreonach, cuir an scéal agus an fhoirm iarratais gocaoimhe@booksirelandmagazine.com. Is féidir íocaíocht a shocrú ar an ghuthán, le sonraí chárta creidmheasa ar an fhoirm iarratas nó trí PayPal.
Tá gach eolas faoin chomórtas ar fáil ar shuíomh Books Ireland.

