Úrscéalta faoi Chaibidil

Writing.ie | Magazine | Ag Scríobh

Beidh úrscéalta na Gaeilge faoi chaibidil ag comhdháil mhór i mBaile Átha Cliath an mhí seo. Úrscéalta Gaeilge an Fichiú Aois: Canóin liteartha? 23-24 Aibreán 2015 in Ollscoil Notre Dame, Teach Uí Chonaill, 58 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.

Díreoidh an seimineár seo ar Úrscéalta Gaeilge an Fichiú hAois agus ar cheist na canóna. Is ceist chasta chigilteach cháiréiseach í ceist na canóna i ngach teanga agus ní haon eisceacht í an Ghaeilge. Is í aidhm an tseimineáir seo ceisteanna tábhachtacha bunúsacha maidir le húrscéalta na Gaeilge a chriathrú, stair liteartha agus léirmheastóireachta na Gaeilge a chíoradh, agus plé agus díospóireacht faoi úrscéalta na Gaeilge a spreagadh. Trí thaighde, trí mheasúnacht agus trí dhíospóireacht mheáite, pléifear stádas na canóna, cleachtas na léirmheastóireachta agus ceisteanna ar nós: Cad iad mór- úrscéalta na Gaeilge? Cad iad na húrscéalta ar chóir a bheith ar shiollabas na n-ollscoileanna? Cad iad na húrscéalta ar chóir a bheith i mbéal phobal na Gaeilge? Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu freastal ar an seimineár seo áit a chur in áirithe roimh ré trí scéal a chur chuig oconnellhouse@nd.edu  nó glaoigh ar:  + 353 1 611 0611

Éilís Ní Dhuibhne agus Alan Titley
Éilís Ní Dhuibhne agus Alan Titley

Déardaoin, 23 Aibreán 2015

7.00–8.30 Urnaithe na nÚrscéalaithe: Fáiltiú & Léamh

Cathaoirleach: Micheál Ó Conghaile

 

* Séamas Mac Annaidh – Cuaifeach Mo Londubh Buí

  • Éilís Ní Dhuibhne – Cailíní Beaga Ghleann na mBláth
  • Liam Ó Muirlithe – An Colm Bán
  • Darach Ó Scolaí – Na Comharthaí
  • Pádraig Ó Siadhail – Éagnairc

Dé hAoine, 24 Aibreán 2015

9.00 Oscailt an tSeimineáir

An tAire Stáit Joe McHugh , T.D. An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

9.05–10.30 Seisiún 1

Cathaoirleach: Declan Kiberd

  • Deoraíocht (1910) Ian Ó Caoimh
  • Mo Bhealach Féin (1940) Liam Ó Dochartaigh
  • An Béal Bocht (1941) Caoimhín Mac Giolla Léith
  • Cré na Cille (1949) Máire Ní Annracháin

10.45–12.00 Seisiún 2

Cathaoirleach: Liam Mac Mathúna

  • Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) Tadhg Ó Dúshláine
  • Dé Luain (1966) Máirín Nic Eoin
  • An Uain Bheo (1968) Antain Mag Shamhráin

12.00–1.15 Lón

1.15–2.00 Seisiún 3: Comhchomhairle faoi úrscéalta ban

Cathaoirleach: Regina Uí Chollatáin

  • Róisín Ní Ghairbhí
  • Éilís Ní Dhuibhne
  • Michelle O’Riordan
  • 2.00–3.15 Seisiún 4

Cathaoirleach: Caitríona Ó Torna

  • Fuíoll Fuine (1970) Feargal Ó Béarra
  • Méirscrí na Treibhe (1978) Máirtín Coilféir
  • An Fear Dána (1993) Pól Ó Muirí

3.30–5.30 Seisiún 5

Cathaoirleach: Nollaig Mac Congáil

  • Caoin Tú Féin (1967) Éamon Ó Ciosáin
  • Cuaifeach mo Londubh Buí (1983)Pádraig Ó Siadhail
  • Éagnairc (1994) Gréagóir Ó Dúill
  • Desiderius a Dó (1995) Gearóid Denvir
  • Séadna (1901) Alan Titley

5.30–6.00 Clabhsúr

Cathaoirleach: Cathal Goan

Plé agus Díospóireacht ar chanóin na n-úrscéalta Gaeilge

 

Enjoyed this? Read related posts...

Subscribe to our newsletter

Get all of the latest from writing.ie delivered directly to your inbox.

Featured books